-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Pleanáil Imeachtaí
Bainistíocht Imeachtaí
Ní mór gach imeacht a reáchtáiltear ar champas Ollscoil na Gaillimhe a phleanáil, a bhainistiú agus a sheachadadh de réir Pholasaí na hOllscoile maidir le Bainistíocht agus Sábháilteacht Imeachtaí (QA123).
Is féidir Imeacht a shainmhíniú mar ócáid thábhachtach nó shuntasach ar a bhfreastalaíonn iliomad daoine ar mhaithe le sainchuspóir a bhaineann le gnó, gníomhaíocht ollscoile, nó rannpháirtíocht phobail. Bíonn cineálacha éagsúla imeachtaí ar siúl ar an gcampas lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do: taispeántais, searmanais, aontaí, seoltaí, fáiltithe, cuairteanna stáit, féilte, comóradh searmanais chomórtha, fleánna, ceolchoirmeacha, cruinnithe ceiliúrtha, comhdhálacha, laethanta oscailte, seisiúin eolais, imeachtaí creidiúnaithe, scoileanna samhraidh, imeachtaí tiomsaithe airgid agus spóirt nó caithimh aimsire. Breathnaítear ar cheardlanna agus cruinnithe foirne mar “ghnáthobair laethúil” má bhíonn siad ar siúl in ionaid a tógadh go sonrach d’imeachtaí den sórt sin agus nach dteastaíonn aon socruithe breise ó Fhoirgnimh agus Eastáit.
Agus imeacht á phleanáil, déan Rialtóir Imeachta a shannadh. Beidh an fhreagracht deiridh ar an duine seo as bainistíocht agus sábháilteacht an imeachta, agus beidh sé/sí freagrach as gach cumarsáid le Foirgnimh agus Eastáit.
Cinntigh na nithe seo a leanas:
- Go léitear QA123 Polasaí maidir le Bainistíocht agus Sábháilteacht Imeachtaí
- Go líontar an fhoirm chun ocaid/seomra cruinnithe a chur in airithe
- Go líontar Foirm Admhála Freagrachtaí an Rialtóra Imeachta
- Go líontar Mhaitrís Riosca chun catagóir riosca a mheas
- Go gcuirtear d'ionad in áirithe ag tabhairt dóthain ama chun é a leagan amach agus a chur ar ais mar a bhí arís
- Go líontar Plean Bainistíochta Imeachtaí agus Measúnú Riosca
- Go líontar Seicliosta maidir le hIonad a Leagan Amach maidir le hionad a leagan amach
- Go líontar Seicliosta Inbhuanaitheachta maidir le hinbhuanaitheacht
- Go seoltar na cáipéisí comhlánaithe go léir chuig space@universityofgalway.ie leis na hamlínte riachtanacha thíos:
|
Íseal-riosca |
Meánriosca |
Ardriosca |
Plean Bainistíochta Imeachtaí agus Measúnú Riosca |
Ní mór é a sheoladh chuig Foirgnimh agus Eastáit coicís roimh ré |
Ní mór é a sheoladh chuig Foirgnimh agus Eastáit mí amháin roimh ré |
Ní mór é a sheoladh chuig Foirgnimh agus Eastáit trí mhí roimh ré |
Seicliosta Imeachtaí |
Ní mór é a sheoladh chuig Foirgnimh agus Eastáit coicís roimh ré |
Ní mór é a sheoladh chuig Foirgnimh agus Eastáit mí amháin roimh ré |
Ní mór é a sheoladh chuig Foirgnimh agus Eastáit trí mhí roimh ré |
Faomhadh |
Faomhadh i bprionsabal laistigh de choicís |
Faomhadh i bprionsabal laistigh de mhí amháin, mar aon le haiseolas cuí |
Faomhadh i bprionsabal laistigh d’ocht seachtaine, mar aon le haiseolas cuí |
Taispeántais Ealaíne:
Cuirfear ábhar agus sonraí na dtaispeántas ealaíne ar fad faoi bhráid na hOifige Ealaíon le haghaidh athbhreithniú tosaigh agus déanfaidh an Oifig Ealaíon moladh d’Fhoirgnimh agus Eastáit ina dhiaidh sin. Léigh an Nós Imeachta maidir le Taispeántas Ealaíne chun tuilleadh eolais a fháil.
Imeachtaí Tráchtála:
Má tá imeachtaí seachtracha nach mbaineann leis an téarma acadúil á reáchtáil ar an gcampas ba cheart don eagraí teagmháil a dhéanamh le hOifig na Seirbhísí Tráchtála
Eolas maidir le Saintacaíocht Chlosamhairc d’Imeachtaí Ollscoile CON433
Bailey Allen agus an Cube
Má tá Halla Bailey Allen nó an Cube á úsáid agat d’imeacht, cinntigh go léann tú an prótacal maidir le húsáid shábháilte ardaitheoirí agus frámaí soilsithe