Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Is iad Foirgnimh & Eastáit a dhéanann soláthairtí fuinnimh a sholáthar agus a bhainistiú don Ollscoil. Mar chuid d’Fhoirgnimh & Eastáit, tá freagracht ar an Oifig Fuinnimh as na gnéithe seo a leanas maidir le bainistiú fuinnimh don eastát:
Soláthairtí leictreachais, gáis, ola bithmhais agus uisce na hOllscoile a sholáthar
Sonraisc fuinnimh a dhearbhú agus a údarú
Suirbhéanna fuinnimh agus iniúchtaí a dhéanamh, cur amú fuinnimh a thabhairt faoi deara agus moltaí a dhéanamh chun é seo a laghdú
Feasacht Fuinnimh i measc na foirne agus na mac léinn a ardú trí chlár an Tionscadail Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile (CUSP) agus tríd an gCampas Glas
Ina theannta sin, cuirimid eolas i dtaca le húsáid agus costas ar fáil don lucht bainistíochta chun críche tuairisceoireachta, tugaimid tacaíocht do chomhghleacaithe ar shaincheisteanna caomhnaithe fuinnimh, téimid i mbun plé le heagraíochtaí seachtracha maidir le dea-chleachtas fuinnimh agus déanaimid teicneolaíochtaí nua spárála fuinnimh a mheas.
Bearta maidir le Géarchéim Fuinnimh agus Éifeachtúlacht Fuinnimh
Is é príomhchuspóir an Athbhreithnithe Fuinnimh anailís a dhéanamh ar úsáid fuinnimh Ollscoil na Gaillimhe bunaithe ar shonraí tomhais agus eile i.e. cineálacha reatha fuinnimh a aithint, measúnú a dhéanamh ar úsáid fuinnimh san am atá thart agus san am i láthair mar aon le hanailís a dhéanamh ar na hÚsáideoirí Suntasacha Fuinnimh (SEUanna) agus iad a aithint.
Tuarascáil Taistil Inbhuanaitheachta
Tá spriocanna uaillmhianacha maidir le Laghdú Carbóin leagtha amach ag Ollscoil na Gaillimhe do 2030 i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Aeráide an rialtais. Leagfar béim sa Tuarascáil Taistil Inbhuanaitheachta ar na hoibreacha a cuireadh i gcrích go dtí seo agus ina theannta sin leagfar amach roinnt gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun cabhrú le hOllscoil na Gaillimhe na spriocanna a bhaint amach.
Inbhuanaitheacht
Tá tábhachtach le hinbhuanaitheacht don Ollscoil agus tá ceangal aici le tionscnaimh eile. Féach na naisc thíos chun eolas a fháil faoi na tionscnaimh seo agus ábhar spéise eile
Déanann Ollscoil na Gaillimhe feidhmíocht fuinnimh a thomhas ar bhealaí éagsúla, e.g. an cineál fuinnimh, úsáid, gníomhaíocht, costas agus lorg carbóin.
Ar cheann de na méadrachtaí feidhmíochta atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a úsáidtear chun feidhmíocht foirgneamh éagsúil a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile tá an TFF – Táscaire Feidhmíochta Fuinnimh a thomhaistear in kWhrs/m²/bliain.
Tugann sé seo deis d'eagraíochtaí feidhmíocht fuinnimh i ngach foirgneamh a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile ag úsáid uirlis tomhais uilíoch, fuinneamh in aghaidh an mhéadair chearnaigh sa bhliain.
ISO 50001
Bhain Ollscoil na Gaillimhe stádas ISO 50001 amach in 2012. Ciallaíonn sé seo go bhfuil Córas Bainistíochta Fuinnimh Caighdeánach atá aitheanta go hidirnáisiúnta á fheidhmiú ag Ollscoil na Gaillimhe laistigh den ollscoil. Is caighdeán idirnáisiúnta é ISO 50001 a thugann deis d’eagraíochtaí na córais agus na próisis a bhunú atá riachtanach chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú, lena n-áirítear éifeachtacht agus úsáid fuinnimh.
TFF – Táscaire Feidhmíochta Fuinnimh
Déanann Ollscoil na Gaillimhe feidhmíocht fuinnimh a thomhas ar bhealaí éagsúla, e.g. an cineál fuinnimh, úsáid, gníomhaíocht, costas agus lorg carbóin.
Ar cheann de na méadrachtaí feidhmíochta atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a úsáidtear chun feidhmíocht foirgneamh éagsúil a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile tá an TFF – Táscaire Feidhmíochta Fuinnimh a thomhaistear in kWhrs/m²/bliain.
Tugann sé seo deis d'eagraíochtaí feidhmíocht fuinnimh i ngach foirgneamh a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile ag úsáid uirlis tomhais uilíoch, fuinneamh in aghaidh an mhéadair chearnaigh sa bhliain.
Tá fianáin ag teastáil ó roinnt gnéithe chun go n-oibreoidh siad i gceart. Ina theannta sin, ligeann fianáin dúinn (a) cuimhneamh ar do chuid roghanna, (b) staitisticí úsáide anaithnide a bhailiú, agus (c) aon fhógraí ar líne le haghaidh nuigalway.ie a bhainistiú.
Ní stóráiltear aon sonraí pearsanta ar na fianáin seo ach, faoi dhlí AE, caithfimid an cheist seo a chur ort gach 6 mhí. Chun níos mó a fhoghlaim faoin Úsáid a bhainimid as fianáin, féach ar ár bPolasaí Príobháideachais.