-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Tírdhreach & Cothabháil Tailte
Breathnaíonn an fhoireann Bainistíochta Saoráidí i ndiaidh eastát 105 Heicteár a bhfuil duaiseanna bainte amach acu ina leith. Tá teorann ag an suíomh le Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Loch Coirib agus tá sé ar cheann de na campais is bithéagsúla in Éirinn. Oibríonn ár bhfoireann garraíodóirí agus tailte go dian lena chinntiú go bhfuil an campas glan agus slachtmhar ach ag an am céanna cinntíonn siad go ndéanaimid ár bplandaí agus ár bhfiadhúlra a chosaint agus a chothú.
Plean Uile-Éireann um Pailneoirí
Shínigh Ollscoil na Gaillimhe Plean Uile-Éireann um Pailneoirí 2021-25 a fhéachann le gnáthóga breise a athchóiriú, a chosaint agus a sholáthar do bheacha agus d’fheithidí pailnitheacha eile. Is cuid lárnach dár bPlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta é. Go dtí seo tá raon leathan gníomhaíochtaí curtha i bhfeidhm againn ar an gcampas de réir an phlean lena n-áirítear:
- Líon uaireanta a mbaintear an féar a laghdú chun ligean do phlandaí atá neamhdhíobhálach do phailneoirí fás leo
- Móinéir ar leith a chruthú timpeall ar ionad Spóirt an Daingin
- Úsáid lotnaidicídí a laghdú
- Comharthaíocht a chur i bhfeidhm le cur in iúl don phobal go bhfuil na ceantair seo á mbainistiú mar chuid den Phlean Pailneoirí
Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta
In 2020 chruthaíomar Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta chun ár spriocanna agus ár ngníomhaíochtaí a leagan amach chun bithéagsúlacht a fheabhsú ar an gcampas. Áirítear orthu sin:
- Gan limistéir den champas a bhaint chun foinsí neachtair agus pailine a sholáthar do phailneoirí
- Paistí féaraigh a fhágáil le haghaidh taighde ar bhláthanna fiáine
- Plandaí ó stoc géiniteach áitiúil a fháil
- Áit chónaithe feithidí a thógáil agus monatóireacht a dhéanamh orthu timpeall na háite
- Comhoibriú leis na Scoileanna seo a leanas: Éiceolaíocht/Zó-eolaíocht/Luibheolaíocht agus Plandeolaíocht chun éagsúlacht inveirteabrach agus bláthanna na mbogach ar an gcampas a dhéanamh amach
- Comhoibriú le taighdeoirí chun dramhaíl bia a athúsáid mar mhúirín agus leasachán
- Boscaí neadaireachta do ghabhláin gaoithe & sciatháin leathair
Gradam na Brataí Glaise do Pháirceanna & Gairdíní
Tugann scéim Ghradam na Brataí Glaise aitheantas do pháirceanna agus spásanna glasa dea-bhainistithe, ag leagan síos an caighdeán tagarmharcála do bhainistiú spásanna áineasa lasmuigh ar fud an domhain.
Aidhm & spriocanna
- A chinntiú go bhfuil rochtain ag gach duine ar spásanna glasa agus ar spásanna oscailte eile ar ardchaighdeán, is cuma cá bhfuil cónaí orthu
- A chinntiú go ndéantar na spásanna seo a bhainistiú go cuí agus go gcomhlíonann siad riachtanais na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad
- Caighdeáin dea-bhainistíochta a bhunú
- Dea-chleachtas a chur chun cinn agus a roinnt i measc earnáil na spásanna glasa
- Obair chrua na mbainisteoirí, na foirne agus na n-oibrithe deonacha a aithint
Bhí ríméad ar Ollscoil na Gaillimhe gur bronnadh an Bhratach Ghlas uirthi in 2020 agus tá sí faighte arís aici le déanaí in 2021, ag aithint na bhfeabhsúchán leanúnach atá á ndéanamh againn ar ár spásanna glasa ar an gcampas.
IBAL – Campas Glan
Bronnadh Grád A: Glan de réir Noirm na hEorpa ar Ollscoil na Gaillimhe sa suirbhé is déanaí a rinneadh sa chéad bhabhta suirbhéanna in 2019.