-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Clár Meánscoile
Faoi láthair cuireann an tIonad Rochtana réimse clár ar fáil atá deartha go sonrach do Mheánscoileanna ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe. Déantar na cláir áirithe seo a dhearadh i gcomhairle le múinteoirí ó scoileanna atá páirteach sa chlár agus cuirtear in oiriúint iad chun go bhfaighidh na mic léinn blaiseadh dearfach den Ollscoil agus den saol ar an gcampas ar bhonn éifeachtach.
Is é príomhchuspóir na gclár seo taithí chairdiúil agus fháilteach a thabhairt do mhic léinn agus iad a chumasú, ar bhealach a chuirfidh ar a gcumas teagmháil oscailte a dhéanamh le foireann na hOllscoile agus leis an gcampas. Cruthaíonn an taithí seo deis chun tacú leis an obair a dhéantar i Meánscoileanna agus cuireann sé le cumas na mac léinn tabhairt faoi shaol acadúil in Ollscoil na Gaillimhe.
Seo a leanas an dá chlár a chuireann an tIonad Rochtana ar fáil: Clár na Sraithe Sinsearaí & Foráil don tSraith Shóisearach.
Cuireann Clár na Sraithe Sinsearaí Seimineár Scileanna Staidéir don tSraith Shinsearach ar fáil ar an gcampas mar aon le Lá Taithí. Beidh an lá seo roinnte ina dhá chuid:
- Cuid 1: Clár Scileanna Staidéir leis an Dr Mary Surlis
- Cuid 2: Léargas struchtúrtha a thabhairt do mhic léinn dara leibhéal (ina rogha réimse spéise ) ar na Coláistí Ollscoile éagsúla in Ollscoil na Gaillimhe
Roimh an ócáid seo labhraíonn na múinteoirí leis na mic léinn faoina rogha cúrsa is fearr leo agus cuirtear i ngrúpaí iad le bualadh leis an dámh agus cuairt a thabhairt ar na Coláistí.
Cuirtear an Clár don tStraith Shóisearach ar fáil do mhic léinn an Teastais Shóisearaigh agus do mic léinn na hIdirbhliana. Eagraítear ócáid lae in Ollscoil na Gaillimhe le linn Sheachtain Feasachta Coláiste. Roinntear an lá ina dhá chuid:
- Cuid 1: díreoidh muid go sonrach ar Eolas i dtaca le Coláiste/Gairm Bheatha agus ar an rogha ábhar don tsraith shinsearach (Téama = Ollscoil a Mhíniú).
- Cuid 2: cuirfear Meantóirí i láthair : Fochéimithe reatha a thabharfaidh léargas ar a gcúrsaí agus ar an taithí ollscoile do na mic léinn
Glacann an tIonad Rochtana páirt freisin i seisiúin eolais scoilbhunaithe a chur ar fáil do thuismitheoirí sula ndéantar iarratas ar an CAO i Scoileanna (ar iarratas) agus sna cuir i láthair HEAR a dhéantar (ar iarratas).